Skip to content

Eolas Fúinn

Bunaíodh Na Píobairí Uilleann (NPU) in 1968 ag an am a cheaptar nach raibh ach thar ar 100 píobaire uilleann fágtha sa tír. Ach is eagraíocht atá faoi bhláth inniu í agus é mar aidhm aici Fuaim na hÉireann a Roinnt trí Rochtain, trí Oideachas, trí Thaibhiú agus trí Chaomhnú.

Ón am ar oscail NPU a áitreabh i dteach Seoirseach athchóirithe i 15 Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath in 2007 tá sé ag freastal ar an éileamh atá ag fás gan stad ar oiliúint rialta ar an uirlis. Tá sé ag foilsiú agus ag eisiúint taifeadtaí tábhachtacha ó shin i leith freisin. Toisc go bhfuil éileamh thar na bearta ar an uirlis í fhéin, bhunaigh NPU a sainionad oiliúna PipeCraft in 2011 chun oiliúint a chur ar fáil ins an saincheird ardoilte de dhéantús píbe.

Tá NPU creidiúnaithe le hEagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) mar eagraíocht neamhrialtasach inniúil (NGO) in san earnáil a bhaineann le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe (ICH).

Chuaigh NPU i mbun stocaireachta le Rialtas na hÉireann chun go ndaingneodh sé Coinbhinsiún UNESCO maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. De thoradh ar sin chuir UNESCO Píobaireacht Uilleann ar a Liosta Ionadaíoch d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna i Nollaig 2017.

Is iad príomh-mhaoinitheoirí NPU ná An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Na Píobairí Uilleann
15 Sráid Henrietta
Baile Átha Cliath 1
Éire
Suíomh Idirlín: www.pipers.ie
Rphost: info@pipers.ie
Teileafón: 00353(0)1 8730093


www.facebook.com/napiobairiuilleann 


www.twitter.com/Napiobairi